School: Doire Luacháin (roll number 10661)

Location:
Doire Luacháin, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Bhaoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Luacháin
  2. XML Page 123
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ins an pholl. Thainig an cailín aníos agus i ag béicfidh agus ag caoineadh. Déirigh Murchadha Beag na sheasamh agus dubhairt, “Bháith tú mo mháthair, gheobhaidh mise gaibhte tú”. Dubhairt athair an cailín, “Ó bheirfhidh mé lán do bhearaid de óir duit ma leigean tú thart an tam seo é agus gan dadaidh níos mó a rabh ca dtaoibh dé”. “Maith go leor” arsa Murchadha Beag agus shín amach a bhearad. Líon a h-athair an bearád agus dimthigh Murchadha Beag na bhaile. An oidhche sin bhí sé na shuidhe ag an tábla arais ag cunntas an óir. Tháinig Murchadha Mór go dtí an fuinneóig agus chonnaic sé seo. Tháinig sé isteach agus dubhairt le Murchadha Beag, “Shíl mise gur mharbh mé thusa aréir”. “Maise is í mo mháthair a mharbh tú agus an rabh fhios agat-sa go bhfuil luach iongantach maith ar chuirp sean mná”, arsa Murchadha Beag. Arsa Murchadha Mór, “Tá mo mháthair-sa sean agus tá mo bhean go [neasardha]? sean fosta. Thig liom iad a mharbadh agus luach maith a fágail ortha”. Dimthigh sé abhaile annsin agus mharbh sé a bhean agus a mháthair. Dimthigh sé go dtí na Gleanntaigh le iad a dhíol agus bhí sé ag sgairtigh fríd an tsráid, “Cé bheirfeas lán bearáid óir damh ar chuirp sean mhna”? Bhí achan dhuine ag rabh go rabh an fear mire thart arais. Thoisigh achan duine da leanstan. Sa deireadh b’éigean do-san imteacht ar eagla go dtiocadh ná saighdiuirí air. Tháinig sé i lár na h-oidhche go tuighe Mhurchadha Bhig agus mála leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Language
    Irish
    Informant
    Seosamh Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    29
    Occupation
    Múinteoir