School: Doire Luacháin (roll number 10661)

Location:
Doire Luacháin, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Bhaoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Luacháin
  2. XML Page 120
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    Bhí Murchadha Beag na chomnuidhe ag na mháthair agus bhí Murchadha Mór pósta. Bhí Murchadha Mór na comhnuidhe ag a bhean a mháthair agus a clann. Bhí bó amháin ag Murchadha Beag agus bhí dhá bhó dhéag ag Murchadha Mór. Lá amháin chuaidh bó Murchadha Bhig isteach í dtalamh Mhurchadha Mhór. Nuair a chonnaic Murchadha Mór sin bhí an-fhearg air agus dubhairt sé le Murchadha Beag muna dtabaireadh sé punta dó ar an méid a sgrios an bhó go muirfeadh sisean í. “O bhal” arsa Murchadha Beag, “níl punta ar bith agam-sa agus da mbéadh bheirfhinn duit é”. “Muirfhidh mise an bó, arsa Murchadha Mór. Thug sé leis a gunna agus chaith sé an bhó. Thug Murchadha Beag leis an bhó agus bhain sé an croiceann duith. Thug sé leis an croiceann agus dimthig sé go h-aonach na nGleanntach lé é a dhíol. Nuair a bhí sé ag dul thart ag na Beanna Buidhe tháinig cioth cloch sneachta air. Tharraing sé croiceann anuas ar a cheann agus an taobh istoigh de amuigh. Tháinig préacán thart agus thoisigh sé ag ithe na feola dé. Chuir Murchadha Beag amach a lámh agus fuair greim air agus chuir isteach faoi a chóta (iad) é. Chuaidh sé isteach i dteach taibhrinne agus diarr ar an t-uisge beatha a bhí aca. Thug fear na táibrinne gloine do. Chuir Murchadha Beag a lámh anonn ar a cóta san áit a rabh an t-éan agus bhrúigh é. Leig an t-éan sgread. “Ní sin an t-uisge beatha is fearr atá agat” arsa Murchadha Beag” “Caithfidh sé” arsa fear na taibhrinne, “go bhfuil eolas ag an éan sin nuair a leigeann sé sgread nuair nach mbíonn an t-uisge beatha is fearr san tsiopa agat-sa”. Thug sé gloine eile do. Cuir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Language
    Irish
    Informant
    Seosamh Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    29
    Occupation
    Múinteoir