Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)

Suíomh:
Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Luacháin
  2. XML Leathanach 122
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag radh go rabh fear fríd an bhaile mór nach rabh i gceart. Sa deireadh bheígean do na croicne a dhíol ar cúpla sgilling. Chuaidh sé abhaile agus fearg mhór air.
    Bha gnathac le Murchadha Beag luighe ag ceann an tseomra agus ba ghnathach le na mháthair luighe ós coinne na fuinneóige. Dathruigh seisean leabaidh le na mháthair. Tháinig Murchadha Mór í lár na h-oidhche agus shíl sé gur Murchadha Beag a bhí ‘san leabaidh a bhí (‘san) ag ceann an tseomra. Bhuail sé an mháthair agus mharbh sé í. Dimthigh sé abhaile agus shíl se go rabh Murchadha Beag marbh aige. La thar na bharach thug Murchadha Beag leis a mháthair ar a dhruim go dtí na Gleanntaigh. Bhí poll mór uisge ag ceann an bhaile mhór agus chuir Murchadha croisiní faoithe agus dfág í na seasamh ós cionn an poill. Chuaidh sé suas go dtí teach a rabhfhar ag deanadh tae ann agus diarr sé ortha dhá chupa tae a dheanadh réidh agus uibheacha a bhruith. Dubhairt sé le bean de na cailiní, “Tá mo mháthair shíos udaigh agus tá sí ag guidhe ós cionn an phoill, Sileann sí gur tobar beannuighthe atá ann. Gabh síos agus iarr uirtí theacht aníos. Tá sí íongantach bodhar agus muna gcluinidh [sí]? Thú gabh agus croith í”. Cuaidh sise síos agus thoisigh sí ag sgairtigh le na mháthair theacht aníos agus ar ndoighe ní bhfuair sí freagra. Chuaidh sí síos agus craith sí í acht thuit an bhean marbh sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seosamh Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    29
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)