Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)

Suíomh:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
Múinteoir:
Máire Nic Ceannfhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lougheraherk
  2. XML Leathanach 129
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí sin ann a's is fad ó bhí: bhí lánamhain ann aon uair amháin agus bhí siad an-bhocht mar gheall ar a gcuid fallsachta..

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    deireadh an lae ann nuair a chonnaic siad solas i bhfad uatha agus thárraing siad air. Anois, arsa’n fear, “seasuigidh shibh-se annseo agus rachaidh mise go dtí’n fhuinneóig go mbreathnuigh mé caidé’n leagadh atá ar an áit”. Sheasuigh siad uilig agus chuaidh seisean agus d’amharc sé isteach ar an fhuinneóig. Ní rabh duine ar bith istoigh ach trí fátach agus iad ag cunntas a gcuid óir agus a gcuid airgid. Thionntuigh an fear agus dubhairt nach rachadh siad isteach annsin. Labhair an madadh-ruadh agus dubhairt: “Má ghlacann tú mo chomhairle béidh tú i d’fhear saidhbhir ó seo amach”.
    “Caidé’n comhairle é”, arsa’n fear.
    “Gabhadh ar tarbh siar agus seasuigheadh sé ag an bheinn. Thig leis an raithe a dul suas ar dhruim an tairbh agus an cat ar a mhullach sin agus sínfidh sin fhad leis an t-seimleóir. Annsin cuirfidh an cat a ruball in a bhéal agus rachaidh sé síos an t-seimleóir nar bhéadh rotha muilinn ann agus cuirfidh sé an méid luaith agus aibhleógai atá ar teallach na teineadh síos fríd an teach. Glacfaidh na fathaigh eagla agus imtheóchaidh siad leobhtha béal a gcinn”.
    Annsin chuaidh an tarbh siar agus sheasuigh sé ag an bheinn. Léim an raithe suas ar dhruim an tairbh agus an cat ar dhruim an raithe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Innéacs seanscéalta
    AT1130: Counting out Pay
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Ceannfhaola
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Cill Fhathnaid, Co. Donegal