Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Donegal
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 192
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an cheairtlín roimhis agus shiubhail an triúr leobhtha nó go dtainig siad fhad leis a' chrois-bhealach. Bhi an seanduine beag ruadh annsin i n-a suidhe rompa agus chuir foradh- fháílte mhór roimhe an mhac. D'fiafruigh sé de a'bhfuair sé a iarraidh. D'fhreagair an mac go bhfuair. D'fiafruigh an seanduine de a'gcuimileochadh sé braon beag dó-san a léigheasfadh na piantaí a bhí i n-a chnámha. Dubhairt seisean go rabh luthgháir mhór air an buideál bheith leis le sin a dhéanadh. Chuimil sé an cleite dó'n t-seanduine. Ar a'bhomaite bhi aige an buachaill ó a ba deise ar a leag sé súl ariamh.
D' fhág an triúr slán agus beannacht aige annsin agus d'imigh siad leobhtha. Ní fhacaidh sé an dara h-amharc ortha. Thug seisean iarraidh ar a'bhaile agus bhí luthgháir mhór ar a athair roimhis. Ní dhearn sé morán moille nó go dtug sé leis an buideál agus chuimil cuid de'n iocshláinte do n-a athair. Le sin d'eirigh an t-athair aniar as an leabaidh comh slán folláin is bhí sé ariamh. Annsin dibhir sé an bheirt mhac eile is choinnigh an mac b'óige.
Chuaigh siadsan an deán agus mise an clochán, báitheadh iadsan agus thainig mise.- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Seaghain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94