Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 191
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gur éirigh, go bhfuair sé an rud a bhí sé ghá iarraidh. D'fiafruigh sé de a'gcuimileochadh sé braon beag dó-san. Dubhairt sé gur mhaith leis é aige le sin a dhéanadh. Tharraing sé air an buideál agus d'fosgail é. Bhí cleite istoigh ann agus nuair a chuimil sé an cleite do'n t-seanduine bhí an buachaill óg aige a ba deise chonnaic sé ariamh i n-áit an t-seanduine. D'imigh an buachaill óg, rinne réidh suipeár agus chuaidh an bheirt i n-a luighe.
Nuair d'eirigh siad ar maidín go leor luathas rinne siad réidh a mbriocféasta. Chaith an mac an cheairtlín roimhis is d'imigh an bheirt. Shiubhail siad leobhtha nó go rabh an oidhche ag teacht agus thainig siad isteach fhad leis an cheid[?] t-seanduine a rabh seisean aige. Rinne sé luthgháir mhór roimhe an mhac a bheith arais agus d'fiafruigh de a rabh a iarraidh leis. D'fhreagair an mac go rabh. D'fiafruigh sé de annsin a'gcuimileochadh sé braon beag de'n uisce dó-san. Dubhairt seisean go ndéanfadh, gur mhaith leis aige é. ag tarraingt ar a'bhuideal agus ag cuimilt an chleite do'n t-seanduine. Comh luath is chuimil sé dó é bhí an buachaill a ba deise a chonnaic sé ariamh aige i n-áit an t-seanduine. D'imigh an buachaill agus rinne réidh suipéar dó'n triúr. Chuaidh siad a luighe annsin.
Ar maidín lá thar na bhárach d'éirigh siad agus rinne siad a mbriocféásta. Chiath an mac(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Seaghain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94