School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 223
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leo giota eile. Dubhairt an fear eile go rachadh seisean isteach i siopa eile go bfeicfead sé an bhfuigheadh sé builbhin. Chuaidh sé isteach agus d’iarr sé builbhin aráin i ngaedhilg. Ní raibh fhios ag an siopadoir goidé bhí a dhith air agus thosaigh an fear ag cur a laimhe isteach in a bhéal ag tabhairt comhraidh go raibh ocras air.
Goidé bhí i fear an siopa ach fiaclóir agus ‘sé an rud a shíl sé, go raibh an fear ag tabhairt comhraidh do na fiacla a bhaint as Chuir an fiaclóir é na shuidhe ar chathaoir agus ceangal sé crios thart fa chom an fhir agus thoisigh sé gur tharraing sé an méid fiacla a bhí sa bheal amach as.
Nuair a bhí siad uilig tarraingthe aige d’éirigh an fear a bhí sa cathaoir agus chuaidh amach fhad leis an fhear a bhí ag fanacht leis ar an tsraid.
D’fiafruigh an fear sin an bhfuair sé an builbhin no aon greim arain. Ní bhfuair ar seisean agus na labhair ar builbhin no ar aon greim aráin go bhfágaidh tú an baile seo no ní fhágfaidh siad aon fhiacail istigh i do cheann agus tá sé cruaidh a bheith gan bearla fosta nuair a fhágfas tú an tír seo.- Collector
- Cait Ní hÉigheartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chruach Bheag, Co. Donegal