School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 215

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 215

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 215
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí lanamhain na comhnuidhe fad ó shoin síós ar Pointe Damhras. Liam Ó Bhaoighill an t-ainm a bhí air, agus Úna an t-ainm a bhí ar a bhean.

    (continued from previous page)
    arsa Liam. Le sin bhain an fear bearad beag amach ar a phoca, chuir sé an bearad ar a cheann, agus sé síos faoi an uisge. Shíl Liam nach bhfeicfeadh níos mo é, ach ní rabh sé i bhfad go dtáinig sé aníos arais. Thosaigh sé annsin ag innse do Liam fan teach deas a bhí aige agus gach eile rud deas a bhí ann. Agus thug sé cuireadh do Liam a gabháil síos a damarch air. Ar tús ní rachadh Liam síos, ach nuair a d’innis an fear do fa féasta mór a bhí aige síos agus neart uisge beatha d’imthigh Liam leis. Chuir sé an bearad arair ar a cheann bheir sé greim láimhe ar Liam agus síos leis an bheirt aca faoi’n fhairrge, gur sheas siad ar talamh tirm ar a bhonn. Agus nuair a damharc Liam thart chonnaic sé an fairrge thús níos airde na a ceann. Bhí teach an fhir déanta istoigh ins an uaigh. Chuaidh siad isteach, agus shuidh siad ag tábhla mór bréagh agus bhí féasta mór aca. Bhí iongantas mór ar Liam, agus d’fhiafruigh sé don fhear caidé’n áit a fhuair sé an biadh seo. Fuair mé é ó na bádaí móra a cailleadh ar an fhairrge ars an fhear. “Nuair atá siad ag gabhail síos bímsa annsin agus bheirim gach rud liom”. Annsin thug sé Liam leis isteach go t-seomra mór eile, go dheánfadh siad a sgithiste agus go gcaithfeadh siad toit. Bhí an t-seomra seo lán de eile rud deas, agus shuidh Liam síos ar chathaoir bhog. Ní fhaca Liam an leithead roimhe sin. D’amarc an fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Ó Cuirín
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Shalwy, Co. Donegal