School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 210
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann fad ó shoin agus chuaidh sé amach ag iarraidh oibre. Sa deireadh rinne sé fastughadh le sgológ.”
Bhí fear ann fad ó shoin agus chuaidh sé amach ag iarraidh oibre. Sa deireadh rinne sé fastughadh le sgológ. Ní radh sé ibhfad annsin go dteachaidh an sgológ agus a bhean ar laethe saoire agus d’fhág sé an bhuachaill na dhiaidh sa bhaile. Níor tháinig siad abhaile go ceann trí bliadhna na dhiaidh sin.
Fear an falsa a bhí ins an bhuachaill aimsire Agus nuair a fuair sé an sgológ agus a bhean ar shiubhail ní dhearn sé dadaidh acht suidh sé ag an cois na teineadh agus deirigh a chuid bróga comh cruaidh agus go mbéigin do iad a bhaint de. Nuair a tháinig an am leis an chíos a dhíol nior dhíol sé é agus tháinig an seirmh agus (thain) thug sé leis scór den eallach.
Tamall na dhiaidh sin tháinig an sgológ agus a bhean abhaile agus bhí siad mí shásta fan chuma a bhí ar gach rud thart fan teach agus bhí siad níos measa nuair a chualaidh siad gur chail sé scór den eallaigh. D’imthigh an sgológ annsin ar lorg an eallaigh.
Nuair a fuair an bhuachaill an sgológ ar shiubhail chuir sé a chuid bróga i dtobann uilig go dearn sé bog iad Annsin chuir sé air iad agus d’imthigh sé leis agus fuair sé roimh an eallach ag Baile-Na-gCreach agus thug sé amach a ghunna agus d’orduigh sé don seirmh a chuid lámha a cuir suas.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghoill
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Cnoc an Cheo, Co. Donegal
- Informant
- Eamonn O Breislin
- Gender
- Male