School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 186
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Aon uair amháin bhí gasúr ann darbh ainm dó Éamonn Ó Dhomhnaill agus bhí dúil mór aige i gcaiple.”
(continued from previous page)gabhail trasna na h-abhanna acht plaine beag tanaidh. Nuair a tháinig sé fhad leis bhí eagla air a gabhail trasna ar an phlaine leis an ubh in a lámha ar eagla go dtuiteadh an ubh isteach san uisge. Sa deireadh rinne sé suas go gcaithead sé í trasna. Chuaidh sé godtí áit i bhfaca sé luachair ar an taobh eile agus chaith sé an ubh trasna na h-abhanna. An bhomaite a thuit sé ar an taobh eile léim gearrfhiadh amach as an áit a thuit an ubh agus rith sé suas le taobh an cnuic. Shíl Éamonn gur bé sin an chapall agus is go bráth leis ‘na dhiaidh acht ní raibh sé i bhfad go dteachaidh an chapall ág a shíl Éamonn a bhí ann as amharc.
Annsin chuaidh sé ‘un abhaile ag caoineadh agus dubhairt sé leis a h-athair gur imthigh an chapall ág ar siubhail agus níor imir duine ar bith cleasa ar Éamonn ó’n lá sin go dtí lá a bháis.- Collector
- Seaghan Ó hEigheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Largymore, Co. Donegal