School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 138
- XML “Scéal Beag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal Beag (continued)
“Bhí fear agus bean na gcomhnuidhe sa áit seo uair amháin. Bhí seól ag an fhear istoigh sa teach agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag figheadóracht agus muscaladh sé go h-an luath ar maidín agus bhí an fheard ar an mhnaoi leis as siocair nach dtiocfadh léithe c”
(continued from previous page)gaoth ar an doras. Bhfuil dhá dhoras agaibh ars an fear. Tá ar siad-san. Nach dtug libh an ceann eile a fhosgladh ars an fear agus bheadh sin níor fusa ná an teach a thionntadh. Ó níor smaoitigh muid ar sin arsa bean acú. D’fág sé an teach sin agus bhog sé leis giota eile. Ní rabh sé i bhfad ag siubhail go bhfacaidh sé dhá bhean eile. Bean amháin acú agus greim aicí ar adharc bó agus greim (aicí) ag an bhean eile ar an ruball agus iad ag iarraidh í a chur suas ar an teach. Caidé tá sibh a dheánamh ars an fear. Tá muid ag iarraidh an bhó a chur suas ar an teach go n-ithidh sí an féur atá ag fás air.
Ó ní thig libh sin a dheánamh ars an fear. Bhfuil corrán ar bith fa’n teach ars an fear. Ma tá tabhair damh é agus geárrfaidh mise an féar agus caithfidh mé anuas chuig an bhoin é agus béidh sin níos fusa ná an bó a chur suas ar an teach. Ó níor smaoitigh muid ar sin ar chor ar bith ar siadsan. Annsin bhog sé leis giota eile agus ní rabh sé i bhfad ag siubhail gur casadh bean eile dó ar an bhealach agus ualach mór ar a druim léithe. Go mbeannuighidh Dia duit ars an fear agus tá ualach trom leat ar maidín. Tá leóga ars an bhean. Tá m’fhear(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Eigheartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chruach Bheag, Co. Donegal