School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 129
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Tá gleann sa pharoiste seo ar a dtugtar gleann a bhaile Dhuibh agus i lár na gleanna sin tá baile beag air a dtugtar Baile Mac Fháidín.”
(continued from previous page)Tá aonach le bheith i Sligeach gan mhoill anois, agus sílim go rachaidh mé ann go gceannochaidh mé leath sgár caorach a changbháchas a gabhail tamall eile sinn. D’fhág Paidín slán ag a mháthair maidín roimh an aonaigh agus thosaigh sé ag siubhail ar intinn a bheith i n-am ar an aonach i Sligeach lá ar na mhárach. Bhí Paidín ag siubhail rith an lae sin agus rith na h-oidhche agus ag bánadh an lae ar na mharach bhí se comhgarach do Sligeach agus é tuirseach agus ocrach. Go tobann sul ar mhothuigh Paidín tháinig cith már fearthana agus ní raibh teach fa mhile do le fasgadh a fághail ann. Tháinig eagla air go bhfágfaidhe ar an bhealach é leis an doineann acht le sin damharc sé thart agus chonnaic sé caisleán már fá ghiota do. Chilir seo a sháith iongantais air no b’amharc an caisleán seo comh mór i súilibh Paidín agus go raibh faitcheas air dul ann, acht bhí an fhearthainn ag tuitim chomh tram sin go dtearn sé ath-smaoiteadh agus isteach leis. Bhí níos mo iongantas air nuair a chuaidh sé isteach no níor amharc an caisleán chomh h-áluinn taobh istigh agus damharc sé taobh amuigh. Bhí sean scól deigh troighthe ar [faid?] [sínte?] ar an urlár. Tháinig Paidín aníos fhad le teine bréagh a bhí ann agus sheasuigh sé agus a chúl leis an teine. Bhí sé ag amharc thart acht ní raibh beo no ceo le feiceail aige. Goidhe chonnaic sé sa deireadh acht easóg.(continues on next page)- Collector
- Seághan Iosep Mac Seághain
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- Caiseal Charna, Co. Donegal
- Informant
- Proinsias O Coilín
- Gender
- Male
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Donegal