School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)
- Location:
- Ard an Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Caiside
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd an Rátha
- XML Page 333
- XML “Eadar an Chaiseal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Eadar an Chaiseal Eadar an Chaiseal a’s an fháithche ar mullach Cró na Bharr
Agus as sin go dtí Barr Míntín
Tá an talamh ann is fearr ‘un tortha a’s ‘un gráin
Dá bhfuightheá istigh i gclár tíre
Tá mil ag dul le fánaidh ann, droichead é shiugra bhán
A [bhail?] fá na lán fíon ann
Tá tóighthe líonta ‘e cháis ann, bannóga ‘na sráitheann ann
Duilleabhair agus bláth ann ‘sna FaoillidhNach méidhreach do’n té tharlaidh ann a leithead
Ní fhásann a’n fhéar garbh ann
Tig deallramh na gréine ann agus soillsiughadh na spéire ann
Coillte le h-Éadan Fairrge
‘Na gcúpláí bhí na gadhair, an seabhac ‘na ndiaidh
I ngleanntain na séimh sealgáin
Gurab é arus an chléir é gurabh Parrthas na Naomh é
le ceolta na néan da gceileabhradhÓ is iomdha abhall glas gan smúid folaighiste go dlúth
Agus coillte go h-úr ag fás ann
Luingis teacht ‘ na chuain ‘na mbeirt agus na dtriúr
Ag tarraingt ar shiubhal adhmaid
Fear a’s Cúige Mumhan a d’aithris dam faoi rún
Is é chonnaic na cúig cearna
Nár bhfacaidh le na shúil in aon bhealach ariamh da shiubhail
A shamhailt de chluain fhásaigh(continues on next page)- Informant
- Bean Phaidí Uí Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Sceadamán, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Sheiblin
- Gender
- Female