Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)
- Suíomh:
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Caiside
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd an Rátha
- XML Leathanach 333
- XML “Eadar an Chaiseal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Eadar an Chaiseal Eadar an Chaiseal a’s an fháithche ar mullach Cró na Bharr
Agus as sin go dtí Barr Míntín
Tá an talamh ann is fearr ‘un tortha a’s ‘un gráin
Dá bhfuightheá istigh i gclár tíre
Tá mil ag dul le fánaidh ann, droichead é shiugra bhán
A [bhail?] fá na lán fíon ann
Tá tóighthe líonta ‘e cháis ann, bannóga ‘na sráitheann ann
Duilleabhair agus bláth ann ‘sna FaoillidhNach méidhreach do’n té tharlaidh ann a leithead
Ní fhásann a’n fhéar garbh ann
Tig deallramh na gréine ann agus soillsiughadh na spéire ann
Coillte le h-Éadan Fairrge
‘Na gcúpláí bhí na gadhair, an seabhac ‘na ndiaidh
I ngleanntain na séimh sealgáin
Gurab é arus an chléir é gurabh Parrthas na Naomh é
le ceolta na néan da gceileabhradhÓ is iomdha abhall glas gan smúid folaighiste go dlúth
Agus coillte go h-úr ag fás ann
Luingis teacht ‘ na chuain ‘na mbeirt agus na dtriúr
Ag tarraingt ar shiubhal adhmaid
Fear a’s Cúige Mumhan a d’aithris dam faoi rún
Is é chonnaic na cúig cearna
Nár bhfacaidh le na shúil in aon bhealach ariamh da shiubhail
A shamhailt de chluain fhásaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Phaidí Uí Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sceadamán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Sheiblin
- Inscne
- Baineann