Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)

Suíomh:
Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Caiside
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 286

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 286

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd an Rátha
  2. XML Leathanach 286
  3. XML “An Dobharchú agus an Chú Dhubh”
  4. XML “Mullán an Tí Mhóir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dubhairt an sean duine agus nuair a bhí an dobharchú marbh thug an tÉireannach annsoin an tsean duine í. D'fheann an sean duine an dobharchú agus chuir sé i bpota mhór agus bhruigh í. Nuair a bhí sé bruighte thug an sean duine braon beag baoideach de'n tsugh do'n Éireannach. D'Fhiafruigh an sean duine dó an bhfaca sé dadaidh. Tcím [Chím?] arsa 'n tÉireannach cáide bhfeaceann tú. Tcím [Chím] gach uile áit in Eirinn ann a bhfuil táisce [taisce?]. Thugh an sean duine giota beag baoideach de'n fheoil dó le hithe annsin. D'ith an tÉireannac an fheoil. D'fhiafruigh an sean duine dó cáide bhfeiceann tú anois. "Och tá mé comh holc leis an fhear a d'ith.......D'imthigh deireadh a bhfacha sé nuair a d'ith sé an feoil.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.