Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)

Suíomh:
Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Caiside
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 287

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 287

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd an Rátha
  2. XML Leathanach 287
  3. XML “Mullán an Tí Mhóir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Fad ó shoin nuair a mhair na Fianna bhí teach aca ar Mhullan an Toighe mhóir. Bhí dhá chéad fear dá chéad bán, dhá chéad páisde a ar [?]únaibh na mban, dhá chéad capall fa na sriantaibh airgid agus a cuid muineal óir, dhá chéad ciste mór choimheadochadh airgead agus a choimheadochadh ór.
    Bá é Fionn Mhac Cumhaill an rí a bhí ar na Fiannaibh. Nuair a rachadh siad ar shiubhal d’fhágadh maighistir ar na mnaibh. [?]á é Garraidh an maighistir a bhí ortha lá amháin. Thuit sé na [?]dhladh. Cheangail na mná gruaig Garaidh ar mhullach an tíghe. Annsin chuaidh siad amach agus thoisigh siad ag sgreadaigh go rabh an namháid ag teacht ortha. Mhusgail Garaidh, d’éirigh sé agus d’fhág sé a ghruag ar mhullach an toighe. Le sasamh a bhaint ar a mnaibh d’fhág sé istigh iad. Bhí seacht ndoirseacha ar an [?]ach agus seacht nglais ar gach uile doras. Dhruid sé na doirseacha órtha agus d’imthigh sé go Barr Coilleadh agus bhain sé [?]aoi n-ualaigh d’fhuirnseóig truim crín. Chuir se teine i ngach coirneal de’n teach. Bhí mac Garraidh leis na Fiannaibh agus bhí a bhean sa teach mhór. D’iarr sí fhagháil amach. Scairt na mna eile amach. Leig tusa amach bean mhic an Rígh thoir cum no [?]eath cha dearn sí. Dubhairt sé go leigeadh sé amach í.
    Acht d’iarr (athchuinge) sise, “lán mó dhuirn a leigint liom” gan tuireamh. Thug sí ribe ar ceann gach mna go dtí go rabh lán a duirn [?] ribeacha aici. Annsin lean na mna uilig í. Nuair a chonnaic [?]araidh seo chongbhaigh sé istigh an t-iomlán aca. Chonnaic na [?]iarra an toit agus dubhairt siad nach mór an ceo chugainn aniar. Ag rádh Fionn Rí na Féinne ceo -
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Donnchadh Mac a' Ghoill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Gleann Gheis, Co. Dhún na nGall