Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)

Suíomh:
Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Caiside

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Timidín na Luaithe

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 294

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí gasur beag ina shuidhe ins an luaith. Timidín beag na luaithe a bhí air. Chuaidh sé amach lá amhain a choimheadh na Riabhaighe. Chuaidh sé isteach faoi chopóig agus tháinig an Riabhach thart agus d'ith sé an copóg Timidín chomh maith. Tháinig a athair a's a mháthair dhá chuartughadh. Chuala an Timidín iad agus labhair sé amach ó bholg na Riabhaighe. "Ná bhigidh mo chuartughadh nó tá mé annseo slán a feadalaigh i mbolg na bó.

Mharbh[?] siad an Riabhach. Chaith siad amach an mhéadail mhór. Tháinig an madadh ruadh thart agus d'ith sé and mhéadail, Timidín agus eile. D'imthigh and madadh ruadh annsin. Thosaigh an Timidín ag gréafuidheacht i mbolg an mhadaidh ruaidh.
Luigh an madadh ruadh i gcúl cloidhe agus sciog sé (d'éag). Tháinig mangaire thart. Ghearr sé an teanga as a mhadadh ruadh. Bhí punta le fhághail an uair sin ar theangaidh madaidh ruadh. Nuair a bhí an mangaire dá ghearradh labhair an Timidín agus arsa seisean "tá tú ag teacht ró comhgar do mo chluais". Nuair a chualaidh an mangaire glór an duine glach eagla é agus d'imthigh se comh ghasca agus tháinig leis na bhonna. D'fhág se an teanga agus a phaca 'na dhiaidh ag an Timidín. Thug an Timidín leis abhaile iad agus tá sé fhéin agus a mhuintir go teith saidhbir ó shoin.

Bailitheoir
Cáit Ní Sheibhlin
Inscne
baineann
Aois
circa 11
Seoladh
Tullycleave Beg, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
(ní thugtar ainm)
Gaol
tuismitheoir
Inscne
baineann
Aois
40
Seoladh
Tullycleave Beg, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge