School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)
- Location:
- Ard an Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Caiside
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd an Rátha
- XML Page 287
- XML “Mullán an Tí Mhóir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Fad ó shoin nuair a mhair na Fianna bhí teach aca ar Mhullan an Toighe mhóir. Bhí dhá chéad fear dá chéad bán, dhá chéad páisde a ar [?]únaibh na mban, dhá chéad capall fa na sriantaibh airgid agus a cuid muineal óir, dhá chéad ciste mór choimheadochadh airgead agus a choimheadochadh ór.
Bá é Fionn Mhac Cumhaill an rí a bhí ar na Fiannaibh. Nuair a rachadh siad ar shiubhal d’fhágadh maighistir ar na mnaibh. [?]á é Garraidh an maighistir a bhí ortha lá amháin. Thuit sé na [?]dhladh. Cheangail na mná gruaig Garaidh ar mhullach an tíghe. Annsin chuaidh siad amach agus thoisigh siad ag sgreadaigh go rabh an namháid ag teacht ortha. Mhusgail Garaidh, d’éirigh sé agus d’fhág sé a ghruag ar mhullach an toighe. Le sasamh a bhaint ar a mnaibh d’fhág sé istigh iad. Bhí seacht ndoirseacha ar an [?]ach agus seacht nglais ar gach uile doras. Dhruid sé na doirseacha órtha agus d’imthigh sé go Barr Coilleadh agus bhain sé [?]aoi n-ualaigh d’fhuirnseóig truim crín. Chuir se teine i ngach coirneal de’n teach. Bhí mac Garraidh leis na Fiannaibh agus bhí a bhean sa teach mhór. D’iarr sí fhagháil amach. Scairt na mna eile amach. Leig tusa amach bean mhic an Rígh thoir cum no [?]eath cha dearn sí. Dubhairt sé go leigeadh sé amach í.
Acht d’iarr (athchuinge) sise, “lán mó dhuirn a leigint liom” gan tuireamh. Thug sí ribe ar ceann gach mna go dtí go rabh lán a duirn [?] ribeacha aici. Annsin lean na mna uilig í. Nuair a chonnaic [?]araidh seo chongbhaigh sé istigh an t-iomlán aca. Chonnaic na [?]iarra an toit agus dubhairt siad nach mór an ceo chugainn aniar. Ag rádh Fionn Rí na Féinne ceo -(continues on next page)- Collector
- Donnchadh Mac a' Ghoill
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Gleann Gheis, Co. Donegal