School: Brackey (roll number 3500)

Location:
Bracky, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 239

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 239

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Brackey
  2. XML Page 239
  3. XML “Scéal Ruaidhrí”
  4. XML “Scéal fá Ó Dómhnaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    as, agus ar shiubhal leis mar bhéadh an donas ann. Lean mé fhéin agus mó shean ghearran bhán é. Ar a theacht suas leis thug mé scuit de mó chlaidheamh dó a scoilt é go bun a’ rubaill, agus d’imthigh trí Ruaidhrí amach as, agus bhfearr ach uile Ruaidhrí aca na thusa”.
    Bréagach! Bréagach!! Bréagach!!! Ars an Rí.
    “Tá mé mo bhréagach cinnte ars an buachaill, acht de bharr na mbréag tá mé ‘mo chliamhain agat-sa”. Beigean de’n Rígh tabhairt isteach.
    (Críoch.)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí bean de na Brianaigh as Connnachta pósta ar Ó Dómhnaill, acht ma bhí fhéin ba bheag áird’ a bhí aicé ar bhuradh Thír Chonaill. Uair amháin thainig fear uasal ar cuairt fhad le caislean Uí Dhómhnaill. Indiaidh ann breicfeasta chuaidh sé fhéin agus Ó Dómhnaill amach a sheilg, acht sul ar imthigh Ó Domhnaill d’iarr sé ar an chailin aimsire lan sgillide den fheoil a bfearr sa chaislean a bhriuthe fa choinne an dinneara. Thug an cailin an sgéala seo d’a maighstreas.
    “Cluinim tú”, ars an maighstreas, “acht bfearr go mór liomsa lán sgillide de shúile conannacha? a bheith bruithte fa na gcoinne nuair a thiocfadh siad abhaile”.
    (Ba iad sin súile bhunadh Thir Chonaill)
    “Agus rud eile a dheánfadh mo athair chuirfeadh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish