School: Brackey (roll number 3500)

Location:
Bracky, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 143

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 143

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Brackey
  2. XML Page 143
  3. XML “An Saighdiúir ar Coinníodh na 9d uaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    “Crochfar thú cinnte”, ars an fear uasal. “Ní dheánfar”, ars an saighdiuir. “Is iomaidh éachtra níos cruaidhe i dteachaidh mise fríd agus thainig mé beo slán asta uilig. Níl an fhear i nÉirinn no i nIfrionn a dtiocfadh leis eagla a chur orm”.
    “Is amaideach tú” ars an fear uasal, “mar mhaith le 9 bpigne.
    Bhí an oidhche a tuitim, agus thainig siad fhad le teach lóisdin. “Tar isteach annseo” ars an fear uasal agus stopfaidh inú ann go maidin”. “Ní thig liomsa dhul isteach”, a dfreagair a saighdiuir, na níl an phiginn ann mo shailbh.
    “Siubhal leath” ars an fear uasal”, “agus díolfaidh mise do bhealach”. Fuair siad a suipear, thug leobhtha solus, agus chuaidh fhad leis an t-seomra a rabh siad le luighe ann. Bhí sé cineal luath san oidhche agus chuir siad thart a t-am ag imirt cluiche chárdaí no go dtainig an coladta. Annsin bhain siad a leabhaidh amach. Ca rabh siad a bfad na luighe no gur mhothuigh siad torman cos sa chistineach. D’éirigh an saighdiuir agus d’amharc fríd pholl na h-sochrach agus chonnaic sé go dtainig seachtar fear isteach agus go rabh siad a cogarnaigh leis an lánamhain a bhí ag teinidh na cistineadh.
    “Ca iad fhéin”, arsa fear amhaín a bhí a cainnt i nglór níos aoirda na an chuid eile. Níor cuala an saighdiuir an freagair acht d’aithinn sé ar dhreach na nma nach cunntas ró mhaith a thug sí. Thuig sé fosta gur Rubbaire (Robbers) a bhí sa dream eile uilig, agus nach rabh aon intinn aca é féin na an fhear uasal a leigint ar shiubhal beo le h-eagla go sgoiltfeadh siad ortha.
    “Éirigh do shuidhe go gasta”, ars an saighdiuir leis an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT0952: The King and the Soldier
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Mac A' Ghoill
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Seán Mac A' Ghoill
    Gender
    Male
    Age
    69
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Áighe, Co. Donegal