Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Crochfar thú cinnte”, ars an fear uasal. “Ní dheánfar”, ars an saighdiuir. “Is iomaidh éachtra níos cruaidhe i dteachaidh mise fríd agus thainig mé beo slán asta uilig. Níl an fhear i nÉirinn no i nIfrionn a dtiocfadh leis eagla a chur orm”.
“Is amaideach tú” ars an fear uasal, “mar mhaith le 9 bpigne.
Bhí an oidhche a tuitim, agus thainig siad fhad le teach lóisdin. “Tar isteach annseo” ars an fear uasal agus stopfaidh inú ann go maidin”. “Ní thig liomsa dhul isteach”, a dfreagair a saighdiuir, na níl an phiginn ann mo shailbh.
“Siubhal leath” ars an fear uasal”, “agus díolfaidh mise do bhealach”. Fuair siad a suipear, thug leobhtha solus, agus chuaidh fhad leis an t-seomra a rabh siad le luighe ann. Bhí sé cineal luath san oidhche agus chuir siad thart a t-am ag imirt cluiche chárdaí no go dtainig an coladta. Annsin bhain siad a leabhaidh amach. Ca rabh siad a bfad na luighe no gur mhothuigh siad torman cos sa chistineach. D’éirigh an saighdiuir agus d’amharc fríd pholl na h-sochrach agus chonnaic sé go dtainig seachtar fear isteach agus go rabh siad a cogarnaigh leis an lánamhain a bhí ag teinidh na cistineadh.
“Ca iad fhéin”, arsa fear amhaín a bhí a cainnt i nglór níos aoirda na an chuid eile. Níor cuala an saighdiuir an freagair acht d’aithinn sé ar dhreach na nma nach cunntas ró mhaith a thug sí. Thuig sé fosta gur Rubbaire (Robbers) a bhí sa dream eile uilig, agus nach rabh aon intinn aca é féin na an fhear uasal a leigint ar shiubhal beo le h-eagla go sgoiltfeadh siad ortha.
“Éirigh do shuidhe go gasta”, ars an saighdiuir leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac A' Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Mac A' Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Áighe, Co. Dhún na nGall