School: Brackey (roll number 3500)

Location:
Bracky, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 116

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Brackey
  2. XML Page 116
  3. XML “An Pléiseam - Leagan Eile - Ruaidhrí O Dáibhid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sin, char chuala mé iomradh ariamh ar dhadaidh den cineal agus goidén doigh i dtiocfadh liom a dheánamh”?
    “Deán é ar do rogha dóigh”, arsan Rí, “acht deán é agus sin a bhfuil dé”.
    Rinne Ruaidhrí amach go rabh a sheála caithte anois cinnte dá bhfanadh sé fán áit agus chuaidh sé ar a sheachnadh arais. Ní rabh uchtach ar bith aige go dtiocfadh leis an fhear rhuadh dadaidh a dheánamh dó anois, acht sin agus eile ba mhaith leis é a chastail air. Bhí sé a siubhal leis béal a chinn fríd a choill-ba chuma leis acht a bheith fada go leor ón Rígh- bhí an oidhche a tuitim agus go fóill mór casadh an fear ruadh air. Bhí sé go díreach a gabhail amach ar an taoibh eile den choill nuair a mhothuigh sé an truip ar a chúl agus bhí an fear ruadh annsin.
    “Go mbeannuigh Dia dhuit a Ruaidhrí”, ar sé. “Go mbeannuigh an fear ceadna dhuit”, arsa Ruaidhrí. “Caidé do bhuaidhreadh indiu”, arsa seisean.
    “Tá deireadh liom anois cinnte”, arsa Ruaidhrí. “Dfág an Rí d’fhiachaibh orm Playsham a chur ar mhullach a chaisleain, “sin na go gcuirfidhe un báis mé. Níl teacht as agam, agus caithfidh mé tír coimhthighteach a baint amach”. “Glac d’ am” arsan fear ruadh, bfeidir go dtiocfadh linn sin a dheánamh comh maith a’s rinn muid a chuid eilr. Seo boc gabhair. Gabh a mharcuigheacht air. Nuair a deirfeas a gabhar ‘mag-gag’ abhair thusa ‘siubhal leat’ agus dheamhan a bhfad go rabh Playsham go leór agat”.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish