Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin, char chuala mé iomradh ariamh ar dhadaidh den cineal agus goidén doigh i dtiocfadh liom a dheánamh”?
“Deán é ar do rogha dóigh”, arsan Rí, “acht deán é agus sin a bhfuil dé”.
Rinne Ruaidhrí amach go rabh a sheála caithte anois cinnte dá bhfanadh sé fán áit agus chuaidh sé ar a sheachnadh arais. Ní rabh uchtach ar bith aige go dtiocfadh leis an fhear rhuadh dadaidh a dheánamh dó anois, acht sin agus eile ba mhaith leis é a chastail air. Bhí sé a siubhal leis béal a chinn fríd a choill-ba chuma leis acht a bheith fada go leor ón Rígh- bhí an oidhche a tuitim agus go fóill mór casadh an fear ruadh air. Bhí sé go díreach a gabhail amach ar an taoibh eile den choill nuair a mhothuigh sé an truip ar a chúl agus bhí an fear ruadh annsin.
“Go mbeannuigh Dia dhuit a Ruaidhrí”, ar sé. “Go mbeannuigh an fear ceadna dhuit”, arsa Ruaidhrí. “Caidé do bhuaidhreadh indiu”, arsa seisean.
“Tá deireadh liom anois cinnte”, arsa Ruaidhrí. “Dfág an Rí d’fhiachaibh orm Playsham a chur ar mhullach a chaisleain, “sin na go gcuirfidhe un báis mé. Níl teacht as agam, agus caithfidh mé tír coimhthighteach a baint amach”. “Glac d’ am” arsan fear ruadh, bfeidir go dtiocfadh linn sin a dheánamh comh maith a’s rinn muid a chuid eilr. Seo boc gabhair. Gabh a mharcuigheacht air. Nuair a deirfeas a gabhar ‘mag-gag’ abhair thusa ‘siubhal leat’ agus dheamhan a bhfad go rabh Playsham go leór agat”.(leanann ar an chéad leathanach eile)