Sean-Leagain a fuarthas sa bParóiste
Dhá b'fheictheasa an Cúilfionn 'sí ag siubhail ar na bóithre
Tígheacht sa tráthnóna 'gus an drúcht ar a bróga
'Sí mo shearc í 'sí mo rioghain í, 'súil truaigh aici lé h-óige,
Go dtuig sí an bárr-múinte ar cúig cúigí na dtír í b'fógluim.
Bean-Síde:- "Go mbeannuigh Dia dhuit a dhuine uasail, ós tú is deireannaighe d'fhág an baile
Goidé an chaoi a bhfuil do sweetheart nó an bhfuil sí mar is maith liom
Tá sí tinn tréith-lag í b[h]fiabhras in a leabaidh,
'S mé lé cúig ráithe idir lámh go mo lagadh."
(continues on next page)