Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mayo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a shroic fear na caorach an áit. In-a raibh an bhróg stad sé agus dhearc sé uirri. "Ó" ar seisean leis féin "dá mbeadh an ceann eile agam anois bheinn saidhbhir". Shiubhal sé leis agus niorbh fhada gur tháinic sé go dtí an gceann eile. Stad sé airís. "Dá mbeadh an ceann eile agam anois" ar seisean bheinn ceart. Caithfidh mé cuimhneamh ar rud eicint a dhéanamh chun na bróige eile d'fhághail. Snaoinigh se ar feadh tamaillínn agus ar sé annsan "Cuirfidh mé an bata seo atá in mo lámh agam sa talamh agus rachaidh mé i n-a coinne."
Sháith sé an maide síos sa talamh agus cheangail sé an téad air agus d imthigh leis soir an bóthar ag cuardú na bróige. Nuair a fhuair Seán imthigthe é rith sé amach as an gcoill agus ghoid an chaora. Ar a teacht ar ais do'n bhfear bhí an chaora imthigthe. Bhí an sean bocht cráidte céasta. Ní raibh tada le déanamh aige acht casadh abhaiule. Chuaidh sé abhaile agus thar an gcoill chuala sé méidleach san gcoill. "Ó" ar seisean "sin e a bhata sa talamh airís uaim indé. Cuir sé a bhata sa talamh airís agus cheangail ann an dara caora. Isteach leis sa choill annsan agus shiubhal sé an choill ó bhan go bárr a tásg na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Corcoráin
- Inscne
- Fireann