Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mayo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
An Bheirt Dearbhrathár.
Bhí beirt dearbhrathár ann fadó agus bhí ceann aca an-bhocht. Bhí an ceann eile an-shaidhbhir agus bhí neart caoirigh, ba agus airgead aige. Ní raibh rud ar bith ag an dearbhrathár eile acht solus an lae agus greim bídh a gheibheadh sé ó na comhursanaibh. Ar deireadh bhí na comhursain tuirseach dó agus dubhairt siad uilig leis greim a fhágail in áit éigin eile. Céard a rinne an fear bocht annsin, acht imtheacht ins an oidhce agus caoirigh a ghoid ó’n dearbhrathár saidbhir. Mharbhuigh sé iad agus bhí neart feóla aige gach lá. Ní raibh fhios ag an dearbhrathár saidhbhir cé’n áit a bhí sé ag fághail na feóla.
Oidhce amháin bhí féasta i dteach an dearbhrathár saidhbhir agus ní raibh an dearbhratháir bocht ann. Céard a rinne an dearbhrathár saidhbhir acht an sean chailleach a bhí i dteach amháin leis a chur isteach i mbosca mór agus i a d’fhagaint i dteach an dearbhrathár saidhbhir lé súl go bhfuigheadh sí amach cé’n áit a raibh an fheóil ag teacht as. I lár na h-oídhce d’fhosgail an dearbhrathár bocht an bosca agus thug sé greim aráin don gcailleach agus céard a chuir sé ar an arán acht nimh. Ar an móiméad a d’ith sí í fuair sí bás.
Nuair a bhí an féasta thart agus na daoine uilig imthighthe abhaile chuaidh an dearbhrathár saidhbhir i gcoinne na chaillighe agus an bhosca. Shíl sé nach bhfaca an fear bocht í chorr ar bith agus go bhfuigheadh sé an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Paidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tip, Co. Mayo