Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mayo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port Urlainn
- XML Leathanach 304
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)istigh san teach idir dhá dhoras na gaoithe. Shíl sé nach bhfaca aoinne é; ach ar maidin connaictheas an cháiltheach taobh amuigh de'n doras. h-Innsigheadh do'n tighearna-thalmhan go rabh an coirce buailte aige agus tháinig seisean agus thug sé an coirce uilig leis. Chuaidh an fear sin agus a chlann go Meiriocá go luath ina dhiaidh sin. Droch-earradh abhí i gCeartar agus níor sgaoileadh (?) leis. Mharbhuigh fear é ar Aonach an Bheannchor (?) le urchar agus d'éaluigh leis. Bhí na Sasanaigh san áit ag iarraidh é a fhághail nó a ainm féín a fhághail ach cé go rabh fhios ag go leor cá rabh sé agus cérbhé féín níor sgeitheadh air, cé go rabh airgead as a cloigeann.Go dtí an lá indiú tá an focal seo in Iorrus "Seo sláinnte an fhir a mharbhuigh Carter," nó i mBéárla - "Here's to the man that shot Carter." Deireann siad go minic é agus iad ag ól.Bhí sliocht na mBingham taobh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Páistí eile
- Bailitheoir
- Tomás Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Port Durlainne, Co. Mayo