School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe

Filter stories

Back
/ 173 Forward
Resolution: Low | High
Rusgaigh (2) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 173

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

as gach teach a bheith i láthair ag an tine agus splanc beo a thabhairt leis ag dul abhaile. Is cóir dó freisin na páirceanna agus na beithígh a choisreacadh leis an splanc sin.

3. Is ceart fuil ghé nó circe nó lachan a dhoirteadh Lá Fhéile Mártan – an 10ú lá de mhí na Samhna – in onóir do Naomh Mártan. Gé a mharaítear de ghnáth sa gceantar seo le haghaidh na féile sin.
4. Ní thabharfadh duine ar bith sa gceantar seo cearc ghoir ar iasacht duit, ar ór ná ar airgead. Deirtear go gcuireann sé mí-ádh ar an duine a thugann agus nach dtiocfaidh éiníní as na huibheacha dó féin ar chor ar bith.
5. Ní ceart caor thine a ligint amach as an teach gan fód móna a chur sa tine ina háit.

Language
Irish