(continued from previous page)
i Sasana ag saothrú a choda.
6. Ceanglaítear craiceann eascon ar chaol na láimhe ar dhuine a mbíonn trálach (nó tálach) ag gabháil de – sin at a thagann ar an gcuid sin den lámh ó iomarca oibre nó cleachtaithe.
7. Má bhíonn tinneas cinn ar dhuine is féidir le daoine áirithe a leigheas le ceann an duine bhreoite a thomhas agus paidreacha áirithe a rá le linn an obair sin a dhéanamh.
8. Deirtear go bhfuil leigheas ag páiste a rugadh tar éis bhás a athar don ghalar sin ar a dtugtar ‘borrphéist’ ach a lámh a fhágáil ar an mball tinn.
9. Creidtear go bhfuil leigheas dá lán galracha ag an seachtú mac sa gclann.