Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rusgaigh (2)
- XML Leathanach 173
- XML “Pisreoga Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)as gach teach a bheith i láthair ag an tine agus splanc beo a thabhairt leis ag dul abhaile. Is cóir dó freisin na páirceanna agus na beithígh a choisreacadh leis an splanc sin. 3. Is ceart fuil ghé nó circe nó lachan a dhoirteadh Lá Fhéile Mártan – an 10ú lá de mhí na Samhna – in onóir do Naomh Mártan. Gé a mharaítear de ghnáth sa gceantar seo le haghaidh na féile sin.4. Ní thabharfadh duine ar bith sa gceantar seo cearc ghoir ar iasacht duit, ar ór ná ar airgead. Deirtear go gcuireann sé mí-ádh ar an duine a thugann agus nach dtiocfaidh éiníní as na huibheacha dó féin ar chor ar bith.5. Ní ceart caor thine a ligint amach as an teach gan fód móna a chur sa tine ina háit.