28/04/2014 Weekly Pick  (See more »)

School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe

Filter stories

Back
/ 173 Forward
Resolution: Low | High
Rusgaigh (2) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 169

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

1. Ní ceart luaithreach a chur amach as an teach Lá Bealtaine.

2. Má níonn duine a aghaidh leis an drúcht maidin Bhealtaine, deirtear nach mbeidh loscadh gréine (sunburn) ag gabháil de an samhradh sin.
3. Má bhíonn an chuach agus na fainleoga sa tír seo Lá Bealtaine d’aon bhliain ar bith is comhartha é go mbeidh barraí maithe ann an bhliain sin.
4. Deirtear nach ceart blátha na sceiche gile a thabhairt isteach sa teach, [mar] go dtugann siad an mí-ádh isteach leo.
5. Síol ar bith nach bhfuil sa gcré, nó sa talamh, Lá Bealtaine, tugtar ‘síol cuaiche’ air agus deirtear nach n-éireoidh sé aibí ar chor ar bith.
Piseoga a bhaineas leis an Nodlaig agus le lá cinn bliana.
1. Is comhartha ádha do'n teach má's fear dubh an céad duine a thagas isteach ar cuairt Lá Cinn

Collector
Eibhlín Ní Chorraidhe
Gender
female
Occupation
múinteoir
Language
Irish