Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)

Suíomh:
Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 170

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 170

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rusgaigh (2)
  2. XML Leathanach 170
  3. XML “Pisreoga a Bhaineas leis an Nollaig agus le Lá Chinn Bhliana”
  4. XML “Pisreoga a Bhaineas Leis an gCáisc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhliana. Is ceart deoch a thabhairt don duine sin.
    2. Ní ceart airgead a íoc an lá sin. Má thugann tú airgead amach an lá sin, deirtear go mbeidh tú á thabhairt uait gach uile lá eile sa mbliain.
    3. Ní ceart glas a chur ar an doras nó dallóg a chur ar an bhfuinneog Oíche na Nollag ar fhaitíos go mbeadh an Mháthair Bheannaithe is an Leanbh Íosa ar lorg dídine an oíche sin.
    4. Is ceart coinneal a bheith ar lasadh in gach fuinneog sa teach Oíche na Nollag i dtreo go bhfeicfidh an strainséir nó an taistealaí an solas agus go dtiocfaidh sé isteach le bia agus dídean a fháil, má bhíonn a leithéid ag teastáil uaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. 1. Deirtear go bhfeicfidh tú an ghrian ag rince maidin Dhomhnach na Cásca má bhíonn tú in do shuí um a sé a chlog.
    2. Is ceart uibheacha a thabhairt do pháistí na comharsan um Cháisc.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Cáisc (~163)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Chorraidhe
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)