ina dhiaidh sin. Tá a ainm greamaithe ar an leacht cuimhneacháin atá in aice an tséipéil i gCnoc Mhuire – an leacht a tógadh i ndilchuimhne na laochra ón áit seo a thug a n-anam ar son na hÉireann sa mbliain 1798.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Tá a fhios gurb é an bia ‘capall na hoibre’. Bhí a fhios sin ag ár sinsir romhainn, agus go ndearna siad seo is siúd b’éigean dóibh bia a chaitheamh mar a dhéanaimidne. Ní ón aer agus ón ngrian amháin a fuair siad ‘neart na ngéag agus luath na mball’. Trí bhéile a d’ithidís gach lá de ghnáth, agus bhí tithe nach mbeadh le fáil iontu ach dhá bhéile sa lá. San am fadó bhíodh an bricfeasta réidh idir a hocht agus a naoi a chlog ar maidin, ach ní suí chun boird an chéad rud a dhéanadh na fir tar éis éirí ach breith ar láí nó píce nó speal agus dul amach ag obair a fhaid is a bheadh an an bricfeasta – an leite, min choirce – ag bruith sa scilléad cois tine. Thagadh siad isteach
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »