Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)

Suíomh:
Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 112

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 112

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rusgaigh (2)
  2. XML Leathanach 112
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar a laghad ag dul thar an scioból sin dó. Ba chumasach an fear ag rith é freisin. Deirtear nach raibh mada sa gceantar lena linn a sháródh i rás é. Tá sliocht Phádraig sa gcomharsanacht fós agus go deimhin má tá aon rud ag gabháil dóibh ní hé na scoilteacha é.
    Ní ceart gan tagairt a dhéanamh do Thomás Ó Flaitile as Cluain Déise, a tháinig ó Bhaile Átha Cliath go Cnoc [Mhuire] de shiúl na gcos gan néal codlata a dhéanamh. In aimsir an Éirí Amach (’98) a rinne sé sin. ‘Cropaí’ ab ea é. D’éalaigh sé ó na Gaill i mBaile Átha Cliath, agus sa tslí sin rinne sé a bhealach abhaile. Bhí a chosa chomh tinn agus chomh hata tar éis an aistir fhada go mb’éigean dó a gcoinneáil i dtobán ime ar feadh lae agus oíche. Níorbh fhada sa mbaile é go raibh na ‘Cótaí Dearga’ ar a thóir. Ruaig siad as Cluain Déise é agus as go brách leis an gconairt i ndiaidh Thomáis. Thug sé do na bonnaí é agus na saighdiúirí go teann sa tóir air. I dtreo Chluain Mór, idir Clár Chlainne Mhuiris agus Coillte Mach, a chuaigh sé go dtáinig sé chomh fada leis an abhainn atá ansin. Ag an gcuid ba leithne thrasnaigh sé an abha de sheanléim. Anois bhí seacht slata idir é agus na saighdiúirí mar nach raibh fiú fear amháin a ligfeadh an faitíos dó dul thar an abhainn ag an áit sin. Is mar sin a scuab sé leis, cé gur cuireadh chun báis é tamall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Chorraidhe
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)