Scoil: Craig Dhubh

Suíomh:
Cregduff, Co. Mayo
Múinteoir:
Séamus Mac Giobúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 399

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 399

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Craig Dhubh
  2. XML Leathanach 399
  3. XML “<span class="exact">An</span> <span class="exact">Nollaig</span>”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tuiteann an Nodlaic i lár an Gheimhridh. Tá go leor nósanna ag baint leis an oidhche sin. Lastar coinnle an oidhche sin. Tá sean-nós ag baint leis an oidhche sin freisin. Fágtar an doras ar fhosgailt go dtí go mall san oidhche. Ce'n fáth a bhfágadh síad an doras ar fhosgailt?
    Chreid na sean-daoine go mbíodh an Mhaighdean Mhuire agus Naomh Iosep agus an Leanbh ag dul o áit go h-áit. D'fhágadh síad cathaoir cois na teine freisin i gcaoi go mbeadh áit aca le suidhe síos agus le na sgíth a leigint. Tugtar "Lá an Dreoilín" ar Lá le Stiophán. Bíonn "buachaillí an Dreoilín" amuigh agus dreoilín i mbosca aca. Bíonn siad ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Christmas (~455)
    Teanga
    Gaeilge