Ní rabh coirnéal ná casa' nach ra' binn ann dí sgartha
Faoi chosa an Bhreithe' Lá 'le Pádhraic.
Ní h-é dubhairt mac Radai gur tairnigheadh mar shail í,
'S bhí an Connacht Chaimpín san mbád linn,
Ach mac Chóilín Chuilm a bhí 'dul le feamuinn dhon Chorrán
Agus thóig sé ó thuadh dh'Inis Meadhoin í.
Tháinig sé 'dtír léithe ó dheis dhe Thír 'n Fhiaidh,
Agus thug sé 'n na tigh í ag Leárai,
'S má chailleann sé aríst í dheamhan fear 'n mo thír-sa
A gheobhfas aon chaidéis go bráthach di.
[Tomás Ó Lochlainn a sgríobh síos.]