Volume: CBÉ 0441 (Part 5)

Date
1935–1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0276

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0276

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. Trághadh an Tobair.
    "Tá marc annsin thíos ag Tobar Cholmcille. 'Trághadh an Tobair' an t-ainm ata air. Tá sí idir an dá thobar.
    "Nuair a bhíonns an aimsear briste tá an trághadh briste; bíonn sí a' pléasgadh aníos amach as na garrantaí - bíonn sí chomh bainte sin."
    (An Chloch Mhór)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. "Tarnuigheann taithighe cathú."
    Damhsaí san oidhche: "'Tarnuigheann taithighe cathú', sin sean-fhocal. Áit a mbéadh síbín, áit a mbéadh damhsa, ní thagann rud maith as go minic."
    Síbín: "Ní dhéanfhaidh sé mórán orm-sa."
    "Níl fhios agat - tarnuigheann taithighe cathú."
    (An Chloch Mhór)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Contabhairteach
    "'Mara contabhairteach, ní éadálach'. Dá gceann'á rud - péire banbh. Bíonn contabhairt orthab, agus déarfhadh duine: 'Mara contabhairteach, ní éadálach.'
    (An Chloch Mhór)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    1935
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script