Volume: CBÉ 0441 (Part 5)

Date
1935–1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0278

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0278

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. Eala
    "Loch a' tSáile, taobh thoir dho Ghaillimh, tá sé lán le h-ealaí.
    "Deir siad, an duine a mharbhóchadh eala nach gcuirfheadh sé isteach ceann na bliadhna."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bradán Feárna
    "Tá sé chomh fada leis a' dréimire sin.
    "Tá na muca mara i ndiaidh an bhradáin fearna, ar nós atá an cú i ndiaidh an ghirrfhiadha - sin é an fiadhach atá acab."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Líomhán
    "Bhíodh brabach mór ar ola líomháin - breac mór millteach. Sleagh a bhíodh acab le iad a mharbhú. Tá teach i nÁrainn a bhfuil sleagh ann fós. Chaitheadh siad an sleagh leis. Bhíodh rópa leis a' sleagh. Ghabhfadh sé go tón, go gaineamh. Dhaingneóch' sé isteach ann fhéin í, an tsleagh. Sin é an uair a thiocfhadh a chuid fola - a bhásóchadh sé. Thiocfhadh sé aníos nuair a bhéadh sé a' tabhairt uaidh. Bhíodh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.