(continued from previous page)
mac chraith sé lámh leis agus dúirt sé leis go
ru ríméad air mar gheall air an purse
airgead a fuair sé go deireannach.
"Bhfuil an dúil sa tobac i gcónuí agat?" adeir
a’ mac le n’athair, agus dúirt sé go ru.
"Dhera, ceanna píosa mór tobac anois," adeir
sé, "agus ná bí a’ rith ag a’ siopa i gcónuí."
D’umpui an seanfhear isteach ag fear a’
tsiopa agus d’fhiara sé dho cé mhéad a bhainfeach
sé dho ar a’ méid tobac a raghach ó bhárr an
ourdóig go dtí bárr a chluais’. Dúirt fear
a’ tsiopa - bhí sé a’ breathnú air - agus dúirt sé
an oiread seo. Ach dhin sé héin agus fear a’
bhaid a’ maraga agus d’íoc fear a’ bháid a’ t-
airgead le fear a’ tsiopa.
"Go ’leith," adeir fear a’ tsiopa, "go dtóca
mé do mhiosúr," adeir sé.
"Ara muise m’anam," adeir an seanfhear, "go
mbeidh moill {y os cionn oi} ort," adeir sé, "shul dá bheidh sé
tuiste ugut," adeir sé, "ón áit a bhfuil mé ’mo
sheasa," adeir sé, "go dtí Páirc Mhór i nDúras," adeir sé,
"- sin é an áit a bhfuil bárr mo chluaise. Cathfa
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project.