Imleabhar: CBÉ 0312

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0158

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. [Tugaim annseo thíos gearr-innseacht ar níthe a chualas ó Pháraic Ó h-Aodha (Pat Hayes), (75), a chonuíos i mBaile Chaisleáin, paráiste Chill Thártain, Co. na Gáillime. Barúntacht: Cill Tártain. Chuala
    sé na níthá seo, agus é in’ fhear óg, ón tsean-mhuinntir in aon áit chéanna sin.
    P. Mac C. 8:2:1937].
    Fear a bhí i n-a chonuí i n-aice le Croch Meadha fadó. Bhí bean agus clánn de chúram air.
    Bochtuíú anuas é sa gcaoi nach rabh fágtha ar deire aige ach aon bhó amháin. Thug sé leis an
    bhó go ndíolfadh sé ar aonach Thuama í. Casadh fear beag leis ar a’ mbóthar agus tugann sé an buideal druíochta seo dhó ar an mbó. Níl le déanamh aige ach a rá leis an mbuideál go
    dteastuíonn béile uaidh agus siúd amach searadhóntaí
    agus buitiléaraí as an mbuidéal agus tá béile breagh gléasta acu ar an bpoínnte. Tugann sé an
    buideál leis abhaile agus níl aon chaill air héin ná
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    8 February 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0564: The Magic Providing Purse and “Out, Boy, out of the Sack!”
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir