Imleabhar: CBÉ 0312

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0100

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    oibre a’ cartadh san áit a rabh an lisín, mar bhí an cosán a’ dul an bealach sin. Nuair a chuaidh
    siad abhaile trathnóna ní rabh aon fhear acu nach rabh bó nó gamhain nó rud eicínt leis chaillte. B’é an sgéal céanna é an trathnóna dar gcionn - b’éigin dóibh eirí as a bheith a’ cartadh an lisín.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bíodh sé seo dhá fheiceál i gCúl (Coole avenue), Cill Tártain. Bhí fear oibre sa teach
    Mór i gCúl (.i.Teach an Tíarna Gregory) agus d’fheicfeadh sé go minic é. Bhí sé dhá innseacht don tsagart uair agus dúirt sé go gcaithfeadh sé gur bhreágh an saol a bhí acu seo a bhí ag imeacht ins an gcóiste. D’fhiathraigh an sagart de
    a’ bhféadhfadh sé a lámh a leagan air an gcóiste agus dúirt sé go bhféadhfadh. Dúirt an sagart leis é sin a dheanamh an chéad uair eile a d’fheicfeadh
    sé é. Chonnaic sé an cóiste oíche eile agus leag sé a lámh air nuair a bhí sé ag dul
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    30 Eanáir 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir