School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Page 335
- XML “Sníomh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní raibh aon fheirmeóir sa pharóíste seo fadó ná chuireadh beagán lín gach bliain, an oireadh agus déanfadh gnó an tighe. Tá mór chuid daoine ann fé láthair ná fuil fhios acu chonus a chur ná é bhaint.Deintí an talamh do threabhadh agus d'fuirseadh agus do déanamh chómh mín agus dob fhéidir é agus na fialaidheaca do phiócad as. DO chrothtaí an síol san Abráin agus bíodh sé aibidh i mí Lughnasa. In ionad é ghearadh le speil nó le h-inneall is amhlaidh a staithtí é mar tá na preámhaca chómh maith leis an gcuid eile dhe.Nuair a staithtí é deintí punanna dhe agus chuirtí iad seo isteach i bpoll uisge ar feadh trí seachtmhaine. 'Sé chúis go ndeintí é seo ná chun an smior a bhíonn sitig sa ghas a bhogadh agus a scaramhaint ó'n gclúdach atá ar an dtaobh amuigh dhe. Caithtí é fhágaint san uisge go dtí go mbíonn sé bog 'na cheart ach ní ceart é fágaint níos sia. Seo an chuma go bhfaightí an fhios seo:- "bristí cheithre nó chúig de ghasaibh(continues on next page)
- Collector
- Treasa Ní Ríoghbhardáin
- Gender
- Female
- Address
- An Cnoc Rua, Co. Chorcaí
- Informant
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Cathair Daithí, Co. Chorcaí