School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lios buídhe mo bhaile dhúcais agus deirtear liom go bhfuil ar dtreib ann leis na cianta bliadhan, ach is baoghal liom gur b’olc an cómhartha ortha ní fheicimse go bhfuil puinn slíghe mhartha ag aoinne ann. Annsan gcéad dul síos tá morchuid den talamh go h-olc, portacha agus charraigreacha, agus chun an scéal a dhéanamh níos measa tá na feirmeacha ró bheag.Tá dhá Liosbuídhe, Liosbuídhe Mór agus Liosbuídhe Beag. Bhí morán portaigh ann ceithre fichid bliadhan ó shoin ach do dhíol an tighearna talmhan amach é, agus níl fod móna ag chuid aca anois. San t-sean saoghal do bhaineadh agus do díoladh na daoine an mhóin, ach fuair an tighearna talmhan amach é agus chuir sé cosg leis. Do b’olc an dhlighe bhí san am san ann. Bhí móin ar chuid tailimh an fheirmeora ach ni raibh cead aige baint leis. Tá ocht feirmeóiri déag na gcómhnuidhe sa dhá bhaile beag so, agus tá ocht gcinn aca so ná féadfadh líontighe(continues on next page)
- Collector
- Peig Ní Bhuachalla
- Gender
- Female
- Address
- An Lios Buí Mór, Co. Cork