School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Page 244
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí breabanna Corcaighe i dteannta chéile úair cun Maora núa do chur isteach agus do bhíodar lá ag gábhail do agus theip ortha é shocrú. Ach sé seo an shocrú a dheineadar ná, Tá ceithre bóithre móra ag teacht isteach go Corcaig agus do chuireadar fear ar gach bóthar díobh san agus an céud duine a thiochfhadh cúcha ar maidin Máora a dhéanamh de
Do chúaidh fear ar gach ceann des na ceithre bóithre annsan agus do bhíodar ag faire.
Sé an céud duine a tháinig chúcha ná fear aníar ós na sléibhte ar a dtugtaí Tadg na Cuaice agus capall agus trucaill agus dá feircín ime aige. Do thógadar leó Tadg agus do fúaradar búachaill agus dubharadar leis na feircíní ime do dhíol agus an tairgead a bhreith leis síar abhaile chun bean Thaidg na Cúaiche.
Sead annsan do thógadar leó Tadg agus do bhí sé lán d'feasóg agus do thógadar leó go tig bearradóra é agus do bearradh é agus do dheineadar duine glan de. Thógadar go dtí tig tailliúra annsan é agus do chuireadar culaith núa éadaig air. Do rugadar leo isteach go siopa na mbítí ag díol uaradóirí ann agus do(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chéilleachair
- Gender
- Female
- Address
- Ceann Droma, Co. Cork
- Informant
- Donnchadh Ó Colmáin
- Gender
- Male
- Age
- c. 95
- Address
- Ceann Droma, Co. Cork