School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Neans Ní Shúilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 345

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 345

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Page 345
  3. XML “Cuntas mar gheall ar an Seansaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall ochtó bliadhan ó shoin ní raibh aon siopaí sa cheanntar so. Do bhí dhá thig tabhairne ann. Go Maghchromdha chaitheadh na daoine dul a d'iarraid pé teachtaireachtaí a bhíodh uatha, agus is beagh a bhíodh mar ní bhéadh an t-airgead acu.
    Ins an aimsir sin nuair a bhíodh fear ag obair do fheirmeoír, do bhíodh tig beag aige ó'n feirmeóír, do bhíodh cúpla caoire aige agus aít cún a gharraidhe do chur. Ní bhíodh mar págh aige ach ceathar nó cúig de phinginí sa ló. As an bpagh so do caithfheadh sé díol as an tig agus a' féar na gcaorach. Ní bhiodh mar biadh aige féin agus a bhean agus a chlann ach prátaí agus bainne géar. Sé an t-eadach a bhíodh acu na éadach a dhéinidís sa bhaile ó olan na gcaorach.
    Dá gceannócadh fear oibre aon rud ó fheirmeóir, síol prátaí nú aon rud mar sin, ní le h-airgead a díoladh sé ac le h-obair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Síothcháin
    Gender
    Female
    Informant
    Bean Mhic Sheáin
    Gender
    Female
    Age
    c. 80