Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé ag dul mor-thímceall na páirce ar feadh abhfad, agus ní fheadfadh sé an beárna d'faghail. Fé dheire fuair sé an bearna agus cuaidh sé abhaile gan a thuile trioblóide.Tá liosanna is Sean Bail (?) Seáin, i gCaol Fuinsin agus i gCnoc Sathairn leis. Tá an lios i gCnoc Sathairn leathan agus tá paiste de ana bhog, píosa de móinfhéir iseadh é agus ní deintear é threabhadh in aon chor. Tá díg idir é agus an cuid eile de'n móinfhéir. Tá cloc mhor bhán ins an iothlainn in aice leis agus deirtear go bhfuil baint éigin aige leis an lios. Ní dheineann aoinne aon rud leis mar deirtear go bhfuil sé mí rathmhar agus gur dhein fear iarract ar é rómhar amach (?) uair éigin ac gur theip air agus gur marbhuigheadh é na dhíadh sin nuair a bhí sé ag dul go dí an Chrois nó áit éigin. B'féidir go marbhócthaí ar aon chuma é ní fios ce hé an fear.
- Bailitheoir
- Lil Ní Íde
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Éadain, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Cnoc Sathairn, Co. Cork