Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Leathanach 268
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean i gCiardeach agus do ghuid sí gé agus do deineadh mórán lorg ar an ngé agus do theip í fághail. I gcionn tamaill na dhiaidh sin bhí staisiún i dtig a comharsan agus chuaidh an bhean go dtí an stáisiún agus tháinig an t-aodaire bó isteach agus dubhairt an Sagart leis teacht go dtí an teine mar bhí sé fliuch mar is i n-aice na teine a bhíodh an faoisdin ag éisteacht fadó agus do tháinig chómh maith.
Annsan do chuaidh an bhean go dtí an faoisdin agus d'innis a peacaí go léir don Sagart i ndeireadh bán dubhairt sí "do goideas gé a athair" agus dubhairt an buachaill "Is ormsa a cuireadh é" agus do cuir an Sagart an buachaill amach an doras agus do rith an bhean na dhiaidh- Bailitheoir
- Síle Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drom an Gharraí, Co. Chorcaí