Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is amhlaid a mhalairtidís na daoine iarracht (?) an uair sin, mar ní bhiodh an t-airgead acu. Is í an spré a bhiodh ag cailíní an uair sin ná ba in ionad airgid.Bhí laetheannta áirigte nár mhaith leis na sean-daoine astrú, an Lúan agus an Aoine.Astrú an Aoine ó thuaidh
No astrú an Lúan ó dheas
Dá mbeadh caora agat nó uan
Níor dual go raghaidís leat
Pé margadh agus is beag é, a bhíodh sa cheanntar so is i Maghchromdha a bhíodh sé, gach Satharn agus lá aonaig. Do bhiodh pedléirí ag dul mór timceall ó thig go tig ag diol mion-rudaí, ní bhíodh ao airgead le fághail acu ach cirteacha agus rudaí mar sin, nó b'féidir prátaí. Uaireannta do bhíodh daoine ag díol pictiúirí agus mion-rudaí mar sin taobh amuich de geata an tséípéil.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Síothcháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Mhic Sheáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 80