Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 298

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 298

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 298
  3. XML “Coinnle Páideoige”
  4. XML “Leite Bhán is Praiseach”
  5. XML “An tSrathair Fhada”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    den bunach lín sa slighe éigin agus tar éis tamaillín bhíodar deunta don cadás. Annsan deuntar coinnle do chaitheamh i mulla agus tá mórán mullaí le feiscint i gCaolchuill fós. Tá ceann le feiscint i dtig Shéamuis Uí Chróthuir fós agus bhíodar ag deunamh coinnle ann tamaillín beag o shion.
    Is annsan a tháinig na lampaí óil timcheall caogadh bliáin o shion. Ní raibh aon lampaí ann ar dtúis acht buidéil. Is amhlaidh a chuirfidís buicheas tré arcán agus bhí gloine ortha leis. Acht nuair a bhíodar ar lasadh bhí mórán deatach mór-thimcheall an tighe i gcómhnuide.
    Dá dtéighteá isteach sa tigh an uair sin ní bhfeudfá aon rud d'fheiscint nó ni bhfeudfá paipéar do léigheam leis agus bhí droch-bholadh ann i gcómhnuidhe acht ar seise liom ní raibh parluis aca in aon chor an uair sin acht amháin. Bhí ceann amháin i dtig muinntir Uí Maghtúna i Meall-a-mhanaigh i dTig Uí Cruadlaoí i dTrán-na-Maddraí caogadh bliaín o sion. Cheap him ar seisc go raibh ceann eile i dtig Sheáin Mhóir i gCumair leis agus i dtig Uí Laoghaire i Inse-Cloch agus ins na tigthibh san a bhí na vigil leis. Bhí teincéirí ag dul ar fuaid na tuaithe an uair sin agus bhíodar ag deunamh lampaí annso is annsúd agus chuirfidhis ag crochadh o'n síonáil íad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Dúbhairt sí liom go raibh difríocht idir leite bán is praiseach mar deintear leithe bán as uisce beirthe agus praiseach ar bainne agus suas go blíain o shion chuireadar leithe ar an mbórd le bainne is ím agus go raibh an bíad san fionnfhuar agus blasta i gchóir an dinnéir leis na fearaibh a bhíodh ag obair ins na pairceannaibh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    2. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge