Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 251

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 251

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 251
  3. XML “Scéal Eile - Éirí ón mBás”
  4. XML “Ball na Lorgain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí bean taobh thiar de Bheanntraighe fadó agus do bhíod sí i gcómhnuidhe ar fághail rudaí ar íasacht ós na cómharsan agus is annaimh a thugadh sí aon rud ar ais d'éinne. Pé scéal é fuair sí bás an chéad oidhche i nDiadh sin ag an dtorraimh d'eirigh sí suas ar an mbórd agus dúbhairt sí len a mac leath-coróinn a thabhairt ar ais den bhfear so sa chómharsannacht agus cúpla cloch mine a thabhairt do bhean eile agus go rathfadh sí féin isteach ar Neamh annsan.
    Do luigh sí soir ar an mbórd airís agus do bhí sluagh mór istig ag an dtorramh a chonnaic agus a chuala í.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Do bhí bean taobh thiar de Bheanntraighe fadó agus do bhíod sí i gcómhnuidhe ar fághail rudaí ar íasacht ós na cómharsan agus is annaimh a thugadh sí aon rud ar ais d'éinne. Pé scéal é fuair sí bás an chéad oidhche i nDiadh sin ag an dtorraimh d'eirigh sí suas ar an mbórd agus dúbhairt sí len a mac leath-coróinn a thabhairt ar ais den bhfear so sa chómharsannacht agus cúpla cloch mine a thabhairt do bhean eile agus go rathfadh sí féin isteach ar Neamh annsan.
    Do luigh sí soir ar an mbórd airís agus do bhí sluagh mór istig ag an dtorramh a chonnaic agus a chuala í.
    Bhí buachaill bocht ann fadó agus ní raibh sé ach 'na leath-amadán. Do chómhnuigh sé féin agus a mháthair i dtigín beag ag bun cnuich agus ní raibh sa tsaol aca ach cúpla gabhar agus caorach. Do bhíod ball na lorgain i ndhiadh na ngabhair agus na gcaorach i gcómhnuidhe agus bhí sé ag teacht abhaile tráthnóna agus beart brosna aige nuair do rug sé ar leipreachán. "Seadh anois" ar seisean, "tógfhaidh mé tusa abhaile go dtí mo mháthair-- "na dein, na dein" arsan leipreacán, "agus beidh an comhacht so agat pé rud a íarrfaid air Dhiad agus ar an leipreacán.
    Do sgaoill ball na lorgain leis agus chuaidh sé i n-áirde ar an mbeart brosna agus chuaidh sé abhaile mar sin. Nuair a bhí sé ag dul abhaile do bhí bean uasal ar an mbóthar roimis agus nuair a chonnaich sí é do tosnuig sí ag magadh fé agus d'iarr ball na lorgain ar Dhia agus ar an leipreacán go mbeadh clann aige léi. D'imthig sé abhaile annsan.
    Nuair a tháinig an t-am do rugadh mac don bean uasal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge